Tá Príomh Aire na hIodáile i mbun cruinniú rialtais inniu ag a bpléifear an riachtanas atá ann le ciste éigeandála a chur ar fáil do lár na tíre sin.

Bhuail crith talún 6.6 ar an scála richter an ceantar sin inné.

Tuairiscítear nár maraíodh aon duine sa chrith seo ach go bhfuil suas le scór duine gortaithe.

Bhí croí-lár an chreatha lámh le baile Norcia.

Tá cuid mhór creathanna eile thart ar an gceantar idir inné agus moch maidin inniu.

Chaith na mílte duine an oíche aréir i gcarranna, i gcampaí agus in ionaid shealadacha eile de bharr a dtithe cónaithe a bheith scriosta.

Gheall an Príomh Aire, Matteo Renzi, go dtógfaí in athuair na foirgnimh ar fad atá scriosta.

I mí Lúnasa seo caite maraíodh beagnach 300 duine i gcrith talún sa cheantar céanna.

Seo é an ceathrú crith a bhfuil an réigiún seo buailte aige le 3 mhí anuas.