Tá sé aontaithe ag Cumann Ionadaíoch an Gharda Síochána agus an Roinn Dlí is Cirt leas a bhaint as seirbhísí an Choimisiúin um Chaidrimh san Áit Oibre in iarracht stailc na nGardaí Dé hAoine seo chugainn a sheachaint. 

Dúirt an dá thaobh i ráiteas tráthnóna go bhfuil siad sásta dhul i muinín na bhforas caidrimh tionsclaíochta chun an tachrann a réiteach.

Síltear go leanfar de na cainteanna thar an deireadh seachtaine Saoire Bainc cé nach bhfuil sé ráite cá dtarlóidh an plé.

Dé hAoine seo chugainn, rachaidh 10,500 gnáth Gharda ar baill iad de Chumann Ionadaíoch an Gharda Síochána agus 2,200 sáirsint agus cigire ar stailc.

Deir Cumann Sáirsintí agus Cigirí an Gharda Síochána go bhfuil díomá orthu lena laghad dul chun cinn a chreideann siad atá déanta le gníomhaíocht thionsclaíoch a sheachaint.

Bhí cruinniú ag an Chumann lena bhfeidhmeannas féin inniu agus bhuail siad chomh maith le hoifigigh ó bhainistíocht na nGardaí agus na Roinne Dlí is Cirt.

Dúirt a nUachtarán Antoinette Cunningham go raibh a cuid ball leagtha ar dhul i mbun gnímh agus nach bhfaca sí ariamh daoine chomh diongmhálta leo.

Mhéadaigh sáirsintí agus cigirí ar a bhfeachtas "obair de réir rialach" inniu mar chuid dá n-iarracht pá a cheartú agus cearta margaintíochta pá a bhaint amach.

Tá sé socraithe ag breis is 2,000 ball den Chumann gan obair riaracháin a dhéanamh - leithéid comhaid a phróiseáil nó comhfhreagras ón bhainistíócht a fhreagairt, nó úsáid a bhaint as an chóras inmheánach Gardaí PULSE go ceann 24 uair a chloig.

Ní raibh cead ag sáirsintí coimeádta am a chaitheamh ag próiseáil príosúnaithe an tseachtain seo. 

Deir ceanncheathrú na nGardaí go bhfuil córas i bhfeidhm acu lena chinntiú nach gcuirfidh sé as don phobal, cé go gcothóidh sé deacrachtaí riaracháin inmheánacha.

Níl an Cumann sásta a rá áfach cad atá beartaithe le póilíneacht a dhéanamh Dé hAoine seo chugainn.

Tá iarrtha arís eile ag Coimisinéir na nGardaí Nóirín O'Sullivan go réiteofaí an t-aighneas.