Cuireadh tús sa Chúirt Choiriúil Speisialta inniu le triail fir atá cúisithe in ábhar pléascach a bheith ina sheilbh aige go neamhdhleathach, an lá roimh chuairt na Banríona Eilís ar an tír i 2011.

Tá Dónal Billings ag séanadh na gcúiseanna ina leith.

Dúradh go raibh an t-ábhar pléascach ina sheilbh ag carrchlós stáisiún traenach an Longfoirt ar an 16ú Bealtaine 2011.

Tá sé curtha i leith Dhónal Billings, 65 bliain d'aois as Cúirt Naomh Bríde i nDroim Lis sa Longfort, go ndearna sé tuairiscí bréagacha leis na Gardaí freisin.

Tá ateangairí Gaeilge á n-úsáid le linn na trialach seo a mhairfidh suas le 6 seachtainí.