Is in Aibreán 2017 a chuirfear an Teachta Dála ón gComhghuaillíocht Frith-Dhéine, Paul Murphy, ar a thriail maidir le cúiseanna go ndearna sé príosúnú mídhleathach ar Thánaiste na linne,Joan Burton 2 bhliain ó shin.

Tá 17 duine eile freisin a bhfuil cúiseanna den chineál céanna tugtha ina gcoinne bainteach leis an eachtra sin a tharla i gceantar Thamhlachta i Samhain na bliana 2014. 

Léirsiú a bhí ar bun ag an am i gcoinne na dtáillí uisce a speag an eachtra seo deirtear.

Cuirtear i leith Paul Murphy, i measc dhaoine eile, go raibh siad freagrach as Joan Burton a sháinniú istigh i ngluaisteán ar feadh 2 uair a'chloig.

Cuirfear eisean ar a thriail ar an 24ú Aibreán 2017 chomh maith leis na comhairleoirí contae i mBaile Átha Cliath, Kieran Mahon agus Michael Murphy.

Beidh ceathrar eile freisin ag teacht os comhair Chúirt Chuarda ChoiriúilBhaile Átha Cliath an lá sin bainteach leis na cúiseanna seo.

Tá dáta réamhthrialach socraithe don 7ú Nollaig 2016.

Tá trialacha eile bainteach leis an eachtra seo socraithe do Dheireadh Fómhair 2017 agus Aibreán 2018.