Tá an fear 41 bliain d'aois, a bhí á cheistiú ag gardaí maidir le dúnmharú a tharla i gCo.Bhaile Átha Cliath, scaoilte saor anois.

Fuarthas corp Mhichael McCoy i gceantar an Bhriotáis go moch ar maidin Dé hAoine. 

64 bliain d'aois a bhí Michael McCoy.

Tuairiscítear go raibh sé amuigh ag siúl lena mhadraí an lá roimhe sin.

Bhí na seirbhísí éigeandála sa tóir air nuair nár tháinig sé abhaile.

Thángthas ar a chorp ar bhóthar coille.

Tá comhad á réiteach anois le cur chuig Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí maidir leis an dúnmharú seo