skip to main content

Tá Shimon Peres, iar-Uachtarán agus iar-Phríomh-Aire Iosrael tar éis bhais. Bhí sé 93

Shimon Peres tar éis bháis - bhí sé 93
Shimon Peres tar éis bháis - bhí sé 93

Cailleadh iar-Uachtarán agus iar-Phríomh-Aire Iosrael Shimon Peres aréir. D'fhógair a chliamhain, an Dr Rafi Walden ar maidin gur cailleadh Peres coicís i ndiaidh dó stróc a fhulaingt.

Cailleadh é i ndiaidh dó bheith san ospidéal i Tel Aviv ón 13ú Meán Fómhair. Bhí pobal Iosrael ag guí ar shon an té deireannach de bhunaitheoirí na tíre sin. 

Yasser Arafat na Pailistíne, Shimon Peres agus Yitzhac Rabin, Stát Iosrael ag glacadh lena nGradaim Síochána Nobel i 1994


Ghlac Peres páirt i 13 comh-aireacht le linn a thréimhse mar pholaiteoir - dhá thréimhse mar Phríomh-Aire agus seal amháin mar Uachtarán na tíre. 

Bronnadh Gradam Síochána Nobel araon ar Peres, Príomh-Aire Iosrael na linne Yitzhac Rabin agus UAchtarán na Pailistíne Yasser Arafat  i 1994 dá saothair i bpróiseas síochána idir an dá thír.