Tá coiste giúiré de sheachtar fear agus ochtar ban curtha faoi mhion i gCúirt Choiriúil Chuarda Bhaile Átha Cliath do thriail iarchathaoirleach Anglo Irish Bank Sean FitzPatrick. Tá 27 cion curtha i leith Fitzpatrick maidir lena theip a mhaítear, iniúchóirí an bhainc a chur ar an eolas maidir le hiasachtaí ón bhanc.

Cuirtear i leith an Uasail FitzPatrick, 68, as Bóthar Whitshed sna Clocha Liatha i gCo. Chill Mhantáin go ndearna sé ráitis mhíthreoracha, bhréagacha nó chluanacha leis h-iniúchóirí Anglo Irish Bank agus gur chuir sé eolas bréagach ar fáil idir 2002 agus 2007.

Séanann an tUasal Fitzpatrick na cúiseanna.

Sular roghnaíodh an giúiré, dúirt an Breitheamh John Aylmer le bail an phainéil giúiré gur cheart dóibh é a rá leis má chreideann siad nach bhfuil siad cáilithe le suí ar ghiúiré. Mar gheall ar an chinéal cáis atá le héisteacht, dúirt an Breitheamh go bhfuil líon áirithe breise de chinéalacha daoine nár cheart dóibh a bheith ar an ghiúiré.

Má mhothaíonn siad go láidir faoi na deacrachtaí baincéireachta a bhí sa Stát nó má tá mothúcháin láidre acu faoin bhaint a bhí ag Anglo Irish Bank sa ghéarchéim sin, dúirt an Breitheamh nár cheart dóibh bheith ar an ghiúiré. 

D'iarr sé chomh maith ar dhaoine a nocht tuairimí faoi Anglo Irish Bank, an ghéarchéim bhaincéireachta nó faoi bhaincéirí go ginearálta, ar na meáin shóisialta nó ar fhóram poiblí eile staonadh ó sheirbhís giúiré sa chás seo má mheasann siad go náireodh na tuairimí sin iad.

Dúirt an breitheamh go gcuirfí fios ar 75 finné i rith na trialach a mhairfidh 12 seachtain ó seo go Nollaig.