Dúirt Teachta Dála Fhine Gael do Chiarraí Brendan Griffin arís gur cheart don pháirtí ceannaireacht Enda Kenny a phlé chomh luath agus is féidir. 

Dúirt Jim Daly, Teachta Dála an pháirtí do Chorcaigh Thiar-Theas go gcreideann sé gur cheart an scéal a phlé díreach i ndiaidh an bhuiséid.

Thug Enda Kenny le fios níos luaithe nach mbeadh an cruinniú de pháirtí parlaiminte Fhine Gael atá ag leanúint inniu ar a cheann deireanach. 

Tacaíonn an chuid is mó de Fhine Gael le ceannaireacht Enda Kenny, a dúirt an tAire Tithíochta Simon Coveney.