Dúirt an tAire Stáit John Halligan go bhféadfaí an Rialtas a scor mura bhfeabhsófar seirbhísí cúraim croí in Opsidéal Ollscoile Phort Láirge agus mura gcuirfear an dara saotharlann cúraim croí ar fáil ansin faoi mar a gealladh.

Dúirt John Halligan go mbeidh cruinniú éigeandála faoin gceist aige féin agus ag Teachtaí Dála eile ón gComhghuaillíocht Neamhspleách le hAirí Fhine Gael anocht.

Dúirt sé gurbh uafásach an mhaise gur tugadh le fios in athbhreithniú neamhspleách faoin ábhar nár theastaigh an dara saotharlann cúraim croí san ospidéal. Dúirt sé nach n-aontaíonn sé le téarmaí tagartha an athbhreithnithe. 

Dúirt an Taoiseach Enda Kenny agus an tAire Sláinte Simon Harris araon gur faoi lucht leighis agus nach faoi pholaiteoirí atá sé cinntí cliniciúla a dhéanamh sa tseirbhís sláinte. Dúirt an tAire go mbraithfeadh aon fheabhas a chuirfí ar sheirbhísí i bPort Láirge ar riachtanais chliniciúla. 

D'iarr Teachta Dála Shinn Féin i bPort Láirge David Cullinane go bhfoilseofaí an t-athbhreithniú láithreach.