D'fhógair Príomh-Aire na hIodáile, Matteo Renzi go bhfuil staid éigeandála i lár na hIodáile ó bhuail an crith talún an áit 2 lá ó shin. Meastar go bhfuil 278 duine ar a laghad maraithe dá bharr agus go bhfuil na céadta eile gortaithe. 

Gheall Matteo Renzi go gcuirfear 50 milliún euro ar fáil don obair atógála agus go mbeadh tuilleadh airgid agus acmhainní ar fáil amach anseo. 

Chaith an lucht tarrthála an dara oíche ag cartadh sa smionagar in iarracht teacht ar dhaoine ina mbeatha. Bhí iar-chreathanna láidre ag cur as dá gcuid iarrachtaí tarrthála.

Neart 6.2 ar scála Richter a bhí an crith a scrios bailte Amatrice, Accumoli agus bailte beaga eile i gceantar sléibhe i lár na hIodáile.