Gearradh 13 bliain de théarma príosúnachta ar fhear as Co.Chiarraí as bean 74 bliain d'aois a éigniú.

Phléadáil Anthony Hussey, 26 bliain d'aois ón tSnaidhm ciontach i 2 chúis éignithe a tharla i Meán Fómhair 2014.

Dúirt an Breitheamh Patrick McCarthy, gur ionsaí fíochmhar tromchúiseach a rinneadh ar an mbean seo nach féidir a ainmniú, agus gur fágadh í le cuid mhór tráma.

D'éignigh Hussey an bhean ina seomra codlata ar mhaidin an 20ú Meán Fómhair 2014.