Sa Phríomh Chúirt Choiriúil gearradh 14 bliain príosúnachta ar fhear 50 biain d'aois as a iarracht bean a dhúnmharú.

Sháigh Denis Leahy, iar-pháirtí leis, Rose Kenny,roinnt mhaith uaireanta lasmuigh dá teach i Meán Fómhair 2014.

Dúradh sa Chúirt nár chuir sé in iúl go raibh aon aiféala air faoin ionsaí.

Dúirt Rose Kenny, bean 51 bliain d'aois agus máthair aon duine clainne, go n-airíonn sí go dona faoina caidreamh le Denis Leahy.

Dúirt sí gur caidreamh é a chuir a saol féin agus saol a clainne i gcontúirt.

"Ionsaí fíorbhrúidiúil" a thug an Breitheamh Paul Butler ar an eachtra.

Dúírt an breitheamh nach dtiocfadh Rose Kenny slán murach go bhfuair sí cóir leighis ábalta agus in am.

Dúirt sé freisin gur bhraith sé gur 14 bliain príosúnachta an phianbhreith ba lú a d'fhéadfadh sé a ghearradh.