I gcúirt san Ísiltír, gearradh téarma príosúin cúig bliana déag ar fhear faoi bhean as Éirinn a dhúnmharú anuraidh. 

Mharaigh Arnold Viguurs, 63 bliain d'aois, a bhean chéile Martina O'Brien Viguurs, 64 bliain, as Ráth Caola, Co Luimnigh, i mí na Samhna 2015. Altra agus aeróstach ab ea í, agus bhí ochtar clainne uirthi. 

Bhí an lánúin ag cur fúthu i gcathair Den Bosch san Ísiltír ach bhí siad le teacht ar ais chun cónaithe in Éirinn. 

Dúradh le linn na trialach gur bhuail Arnold Viguurs a bhean chéile le casúr ina dteach cónaithe, agus gur de bharr a tachta a bhásaigh sí.