Tá Teachta Dála de chuid Fhine Gael tar éis a rá go poiblí gur cheart don Taoiseach seasamh siar agus gur cheart ceannaire nua a bheith ar an bpáirtí faoi mhí Mheán an Fhómhair.

Deir Brendan Griffin as Ciarraí go gcaithfidh Enda Kenny comhartha a thabhairt gan mhoill cén uair a bheidh sé ag imeacht, nó nach mbeidh aon dul as ach olltoghchán eile sa bhFómhar.

Deir Brendan Griffin go bhfuil tromlach mór de bhaill an pháirtí atá tar éis labhairt leis ar aon intinn leis.

Dúirt sé ar Morning Ireland go bé an sprioc is mó atá ag Enda Kenny, toghchán a sheachaint, agus go bhfuil Fianna Fáil ag faire le buntáiste a bhaint as sin.

"Cumfaidh Fianna Fáíl údar toghcháin le linn chomhráití Buiséid, a tharraingeoidh drochcháil ar Fhine Gael, agus fágfar drochbhail ansin orainn" arsa Brendan Griffin.

 Ach ní raibh sé sásta a rá an gcuirfeadh sé nó nach gcuirfeadh rún mí-mhuiníne sa Taoiseach os comhair an pháirtí parlaiminte.