skip to main content

Athchóiriú ar stáisiún cábla Dhairbhre, Co Chiarraí

Dairbhre, Co Chiarraí. Pic: Eleanor McGeever
Dairbhre, Co Chiarraí. Pic: Eleanor McGeever

Tá súil ag an bhfondúireacht atá ag iarraidh athchóiriú a dhéanamh ar stáisiún cábla Dhairbhre i gCo Chiarraí macasamhail den trealamh a húsáideadh ann a fháil ón dream ar leo an stáisiún cábla i dTalamh an Éisc.

Leagadh an chéad chábla cumarsáide trasatlantach idir an dá staisiún in 1866. An tseachtain seo chugainn i nDairbhre, seolfar Comóradh 150 bliain an éachta.

In agallamh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, dúirt Micheál Ó Laighin ó bhord fondúireachta an stáisiúin go raibh suas le 200 duine ag obair ansin ag amanna éagsúla go dtí gur cuireadh deireadh leis an tseirbhís i 1966.