Tá an craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta i nDún na nGall Séamus Mac Géidigh tar éis bháis go tobann. Bhí sé 54 bliain d'aois. 

Bhí Séamus Mac Géidigh ar dhuine de thráchtairí aitheanta spóirt na seirbhíse agus bhí sé ina bhainisteoir réigiuin ar an stáisiún i nDoirí Beaga freisin. Thosaigh sé ag obair sa stáisiún i 1988. 

'Cúis mhór bróin dúinn anseo i Raidió na Gaeltachta go bhfuil Séamus Mac Géidigh, Bainisteoir Réigiúin an Tuaiscirt, ar lár. Ceannaire foirne, Craoltóir ildánach, ach thar rud ar bith eile cara mór' - Ceannaire RTÉ RnaG, Edel Ní Chuireáin. 

Dúirt Kevin Bakhurst, Stiúrthóir Feidhmeach RTÉ, go raibh 'ardmheas air mar iriseoir agus mar chraoltóir, agus [go n-]aireoidh a chuid comhghleacaithe ar fud na heagraíochta seo uathu é.'

Dúirt Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael Aogán Ó Fearghaíl gur 'Gael agus tráchtaire den scoth' ab ea Séamus Mac Géidigh.

Bhí sé i mbun tráchtaireachta ar an athimirt sa chluiche leathcheannais craoibhe idir Dún na nGall agus Muineachán sa Chabhán tráthnóna Dé Sathairn seo caite. 

Dúirt an tAthair Brian Ó Fearraigh sagart paróiste i nGaoth Dobhair gur 'saibhre muid de bharr a chomhluadair, a chinéaltachta agus a cheannródaíocht craoltóireachta.'

Thug Comhairle Contae Dhún na nGall ómós do Shéamus Mac Géidigh i ráiteas a eisíodh ar maidin. Dúradh ann go bhfuil an contae ar fad 'bródúil as an obair iontach a rinne Séamus in earnáil na craoltóireachta Gaeilge le blianta fada, mar bhainisteoir, mar thráchtaire spóirt d’ardchaighdeán ar fad, agus mar láithreoir cláracha.' 

Bhí sé an-ghníomhach i gcúrsaí pobail agus bhí sé ina Rúnaí ar Choiste Pobail Ghort an Choirce le blianta fada.

B'as an Ailt, an Ardaí Bheag, Gort an Choirce, do Shéamus. Maireann a bhean chéile agus a thriúr clainne. Cuirfear é Dé hAoine i ndiaidh Aifreann 12 a chlog i nGort an Choirce.