Tá an baol ann go gcuirfear isteach ar eitiltí in aerspás na Fraince a bhuíochas d'aighneas tionsclaíoch atá ar bun ag oibrithe sa tseirbhís phoiblí thall ansin.

Tá eitiltí curtha ar ceal ag Aer Lingus agus ag Ryanair.

6 eitilt atá i gceist i gcás Aer Lingus idir Baile Átha Cliath agus cathracha sa Fhrainc.

Tá 5 cinn curtha ar ceal ag Ryanair, bheadh siad sin ar fad ag fágáil ó Bhaile Átha Cliath.

Tá stiúrthóirí aerthráchta fostaithe sa tseirbhís phoiblí sa Fhrainc.

D'fhéadfadh eitiltí a bheadh ag úsáid an aerspáis sa Fhrainc a bheith buailte freisin ag an aighneas seo.

Moltar do dhaoine na gréasáin taistil a sheiceáil sula dtéann siad ag aon aerfort.