Tá na cúiseanna éignithe ar fad atá tugtha i gcoinne fir ag a bhean chéile séanta aige sa Phríomh Chúirt Choiriúil.

Tá an fear 42 bliain d'aois ag pléadáil neamhchiontach sa 7 gcúis ina choinne.

Cuirtear ina leith gur ionsaigh sé, gur éignigh sé agus gur bhagair sé bás ar a bhean chéile idir Bealtaine agus Lúnasa 2014.

Séanann sé iad sin chomh maith le líomhaintí go raibh sé maslach i leith na ngardaí le linn na trialach seo.

Bhí an fear ag tabhairt a chuid fianaise os comhair na cúirte inniu.