Tuairiscítear go bhfuil bail sheasmhach anois ar an réalt rac-cheoil as Meiriceá Meat Loaf tar éis dó titim as a sheasamh le linn ceolchoirme i gCeanada aréir
Bhí an t-amhránaí atá 68 mbliana d'aois ar stáitse in Edmonton aréir nuair a thit sé go talamh.
Tháinig ceoltóirí agus na seirbhísí sláinte i gcabhair air agus tugadh ag an ospidéal é.
Níos túisce an tseachtain seo b'éigean do Meatloaf ceolchoirmeacha eile i gCeanada a chur ar ceal mar gheall ar thinneas.