113 aighneacht maidir le hiarrtas pleanála chun cosaint cósta a thógaint ag an Trump International Golflinks and Hotel sa Dún Beag i gContae an Chláir a fuair Comhairle Chonte an Chláir.
Iarratas chun cosaint cósta a thógaint ag an Trump International Golf Links and Hotel atá ann.
Ag lorg cead chun beirm aolchloiche 3 ciliméadar a thógaint ar an dtrá cóngarach don ngalfchúrsa agus na dumhcha atá san iarratas.
Bheadh sé suas le 20 méadar ar leithead agus ardódh de réir a chéile ón dtrá go dtí 5 méadar áit go mbuaileadh sé leis na dumhacha.
TIGL Ireland Enterprises Teoranta a rinne an t-iarratas agus 'siad Donald Trump agus triúr leanaí dá chuid atá mar stiúrthóirí ar an gcomhlacht sin.
Deir an comhlacht go bhfuil gá leis an mbeirm chun an galfchúrsa a chosaint ó chreimeadh agus chun a chinntiú go leanfaidh turasóirí a chaitheann go leor airgid ag teacht go dtí an ostán agus go dtí an dumhach ghailf.
Tá an Chomhairle in ainm is cinneadh a dhéanamh ar an iarratas ar an gceathrú lá do Iúil.
D'fhéadfaí achomharc a dhéanamh ansan ar an gcinneadh ag an mBord Pleanála.
As an 113 aighneacht a rinneadh, thacaigh 75 acu leis an bhforbairt agus bhí 35 ina choinne.