Bhí an lúthchleasaí Oscar Pistorius os comhair cúirte san Aifric Theas arí inniu áit ar cuireadh tús le héisteacht faoin bpianbhreith a ghearrfar air faoi dhúnmharú a pháirtí Reeva Steenkamp.

De réir dlí na hAfraice Theas gearrtar 15 bliana ar a laghad i gcás dúnmharaithe agus ní bhíonn cead athchomharc a dhéanamh.
Meastar go mbeidh deireadh na seachtaine ann sula ngearrfar pianbhreith ar Pistorius.