Dúirt Coimisinéir an Gharda Síochána, Nóirín O'Sullivan, nár tugadh treoir ariamh dá foireann dlí droch-chlú a tharraingt ar an sceithire, an Sáirsint Maurice McCabe. 

Dúirt an Coimisinéir nár iarradh ariamh ar na dlíodóirí a rá le Coimisiún Fiosraithe O'Higgins gur le teann mailíse a sceith an Sáirsint McCabe eolas. Dúirt sí gur fhéach na Gardaí ariamh le cuidiú leis an gCoimisiún teacht ar an bhfírinne.

Ach tá sé ráite ag an bhfreasúra nach bhfuil ráiteas an Choimisinéara sách soiléir agus go bhfuil ceisteanna fós le freagairt aici.