Tá sé i gceist ag baill den Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann (INMO) oibriú de réir rialach inniu ag Ospidéal na Maighdine i nDroichead Átha, Co.Lú.

Ganntanas fóirne faoi ndear an t-aighneas seo.

Níor éirigh le hiarrachtaí sa Choimisiún um Chaidreamh Oibreachais Dé hAoine seo caite an t-aighneas seo a sheachaint.

Beidh altraí fós ag feidhmiú san ospidéal, ach ní bheidh siad i mbun aon obair riaracháin.

Beidh rannóg éigeandála an ospidéil fós ocailte.