Dúirt an Tánaiste Frances Fitzgerald sa Dáil nach bhfuil amhras ar bith uirthi ach go ndéanfaidh Coimisinéir an Gharda Síochána Nóirín O'Sullivan soiléiriú ar an méid a bhí le rá ag a foireann dlí agus iad ag plé le Coimisiún Fiosraithe O'Higgins.

Bhí an Tánaiste ag freagairt ceisteanna ó cheannairí Fhianna Fáil agus Shinn Féin.

Tuairiscíodh inné go raibh abhcóide Nóirín O'Sullivan le maíomh gur le teann mailíse a sceith an Sáirsint sna Gardaí Maurice McCabe eolas, ainneoin gur mhol an Coimisinéir é i ráitis phoiblí.

Dúirt an Taoiseach Enda Kenny tráthnóna go bhfuil muinín iomlán aige as Nóirín O'Sullivan. Is í an chéad choimisinéir mná í, a dúirt Enda Kenny, agus tá sí i gceannas ar na hathruithe is cuimsithí ar na Gardaí ó bunaíodh an Stát.

Níos túisce, dúirt Príomh-Aoire an Rialtais Regina Doherty go gcreideann sise go bhfuil sé de fhreagracht ar an Rialtas scrúdú géar a dhéanamh ar na cáipéisí a bhaineann leis an gconspóid faoin Sáirsint  McCabe. 

Dúirt ceannasaí na heagraíochta Transparency International Ireland gur cheart gníomhú le sceithirí a chosaint i bhfianaise na conspóide faoin Sáirsint McCabe. 

Mhaígh John Devitt nach é Maurice McCabe an t-aon duine sa tír seo a d'fhulaing mar gheall ar eolas a sceitheadh. 

Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt sé gur cheart do Chigireacht an Gharda Síochána athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaoi ar caitheadh leis an Sáirsint McCabe agus le sceithirí eile. 

Dúirt John Devitt freisin gur údar mór díomá gur chaith abhcóide Nóirín O'Sullivan amhras ar dhea-rún agus ar inchreidteacht Maurice McCabe.