Sa Dáil inniu dúirt ceannaire Fhianna Fáil,Micheál Martin go raibh feachtas ar bun le baint ó inchreidteacht an sceithire sna gardaí Maurice McCabe.

Bhí Coimisiún O'Higgins á phlé ag an seisiún nua Dála tráthnóna.

Dúirt Micheál Martin gur inis an tuairisc i nuachtán an 'Irish Examiner' a scéal féin.

Bhí an teachta ag tagairt do dhlíodóir Choimisinéir an Gharda Síochána ag rá le Coimisiún O'Higgins gur le teann mailíse a ghníomhaigh an Sáirsint McCabe ag sceitheadh eolais nach raibh fabharach don Gharda Síochána.  

Mhaígh ceannaire Shinn Féin go raibh pátrún soiléir ann ina bhfacthas droch-cháil á caitheamh ar sceithirí agus fonóid déanta do theachtaí dála a thacaigh leo.

Bhí an tAire Dlí agus Cirt, Frances Fitzgerald ag gníomhú thar ceann an Taoisigh sa Dáil tráthnóna.

Dúirt sise gur ghlac Coimisinéir an Gharda Síochána go hiomlán le tuarascáil O'Higgins.

Dúirt sí freisin go mbeadh an Taoiseach ag tabhairt ráitis iomlán i dtaca le gearán ón Iar-Aire Alan Shatter maidir le tuarascáil Guerin, a d'fhág go raibh ar Shatter éirí as.