Tá 160 post nua le cruthú i nGaillimh ag an gcomhlacht troscáin Wayfair.

Earcófar na fostaithe as seo go ceann míosa.

Tá 200 duine fostaithe ag an gcomhlacht sa gcathair cheana féin.

Díolann an comhlacht Wayfair troscán agus ábhar tí ar líne.

Tá 2000 duine fostaithe ag an gcomhlacht go hIdirnáisiúnta, i Meiriceá, i Sasana, sa Ghearmáin agus san Astráil.