Chuir beirt airí rialtais fáilte roimh an ráiteas is deireanaí atá tugtha ag Coimisinéir an Gharda Síochána i dtaca leis an sceithire Maurice McCabe.

Dúirt an Coimisinéir Nóirín O'Sullivan ina ráiteas aréir nár luaigh sí mailís riamh le Maurice McCabe.

Ghabh sí leithscéal freisin leis na híosbartaigh ar fad a d'fhulaing an choiriúlacht agus a ndéantar trácht orthu i gCoimisiún O'Higgins, ag rá nach bhfuair siad an tseirbhís a bhí tuillte acu.

Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris gur shoiléirigh an Coimisinéir O'Sullivan roinnt nithe ach go raibh imní anois air go dtarraingeodh an chonspóid seo ar fad aird óna híospartaigh a d'ardaigh ceisteanna tromchúiseacha i dtaca le bealaí a bhfiosraíonn gardaí áirithe coireanna.

An tAire Sláinte Simon Harris

"Ba chóir glacadh anois le focal Nóirín O'Sullivan" a dúirt an tAire Tithíochta Simon Coveney.

Tá sé ráite freisin ag an gCoimisinéir go bhfuil bac dlí uirthi na horduithe a thug sí dá dlíodóirí ag réiteach don choimisiún seo a phlé go poiblí.

Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Joan Burton áfach nach bhfuil aon bhac ar an gCoimisinéir labhairt faoin méid a dúirt a cuid dlíodóirí ag Coimisiún O'Higgins.

Dúirt sise gur chóir do O'Sullivan soiléiriú a thabhairt faoin treoir a thug sise dá dlíodóirí maidir lena tuairim faoin Sáirsint McCabe.

Maidir le Fianna Fáil dhe dúirt urlabhraí Dlí agus Cirt an pháirtí sin, Niall Collins, go gcaithfear glacadh le soiléiriú an choimisinéara.

Niall Collins, urlabhraí Dlí agus Cirt Fhianna Fáil

Creideann sé áfach go bhfuil ceisteanna fós le freagairt agus go bhfuil seans ann gur ceist smachtaithe inmheánach atá ann.

"Is ar sin a cheart do Nóirín O Sullivan díriú" a dúirt Niall Collins. 

Pléifear an chonspóid seo nuair a thagann Dáil Éireann le chéile inniu.