Sí Emma Morano-Martinuzzi, san Iodáil an duine is sine ar domhan de réir Grúpa Taighde Geirinteolaíochta. In aois 116, bronnadh an gradam úd uirthi i ndiaidh do Susannah Mushatt Jones bás a fháil i Nua Eabhrac inné.

Rugadh Susannah Jones in Alabama sa bhliain 1899, gar-iníon sclábhaithe. Bhíodh sé le maíomh aici gurb neart codlata rún na hóige a bhí aici. Níor ól sí alcól ná níor chaith sí tabac ach an oiread. 

Bhí Jeanne Calment as an bhFrainc ar an duine is sine a mhair riamh de réir na dtaifid ag aois 122 bliain agus 164 lá.