Tá sé deimhníthe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil siad ag fiosrú cás den bhruitíneach.

Tá a fhios go raibh an té a tholg an víreas i mBaile Átha Cliath agus i gCiarraí le linn na seachtaine roimh an Luan saoire bainc i dtús na míosa seo agus tá an Fheidhmeannacht ag iarraidh labhairt le gach duine a raibh teagmháil acu leis an othar.

Deir na húdaráis sláinte nach bhfuil aon chall imní d'fhormhór an phobail mar go bhfuil clár cuimsitheach vacsaínithe curtha i bhfeidhm le roinnt blianta agus go bhfuil an bhruitíneach beagnach díbeartha ar fad as an tír.

Go dtí seo i mbliana, níor tuairiscíodh ach dhá chás den bhruitíneach in Éirinn.

Ar na comharthaí sóirt tá cosúlacht aige le slaghdán. Bíonn an srón ag silt, bíonn na súile scólta, bíonn casacht ar dhuine agus teocht ard aige. Ach ansin leathann tochas ar fud an choirp agus bíonn pianta boilg agus fonn múisc ar dhaoine a bhíonn ag fulaingt.