Tá an t-Iar Thánaiste, Joan Burton, chun éirí as ceannaireacht Pháirtí an Lucht Oibre chomh luath is a thoghfar ceannaire nua.
Thug sí an méid seo le fios ag cruinniú de Theachtaí Dála an Pháirtí i mBaile Átha Cliath tráthnóna.
Ag preasócáid i ndiaidh an chruinnithe, dúirt Joan Burton go raibh iarrtha aici ar bhord feidhmiúcháin an pháirtí tús a chur leis an bpróiseas chun ceannaire nua a thoghadh.
Dúirt sí cé gur údar díomá a bhí i dtorthaí an olltoghcháin go raibh an páirtí tosnaithe ag teacht chuige féin.
Chaill an Páirtí 30 suíochán san Olltoghchán I Mí Feabhra.
7 Teachtaí Dála ar fad anois atá ag Páirtí an Lucht Oibre sa 32ú Dáil.
Meastar go bhfuil suim ag leas-cheannaire an Pháirtí Alan Kelly agus ag Seán Sherlock sa phost.
Tá suim léirithe ag Brendan Howlin sa phost muna mbeidh comórtas ann.
Dúirt Iar-cheannaire an Pháirtí, Pat Rabbitte, go mbeadh Brendan Howlin mar chéad rogha aige féin.