Tá fiosrúchán ar bun ag an bhFeidhmeannacht Seirbhísí Sláinte, Gardaí agus an Cróinéara fé bhás áitritheora in Áras Attracta i mBéal Atha na Muice gContae Mhaigh Eo inné. 

Creidtear go raibh an bhean ag maireachtaint i mBungaló a 3 - san aonad atá fé stiúr Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Tuairiscítear gur éirigh an bhean tinn agus í ag iarraidh greim bia a shlogadh. Chuaigh an fhoireann i gcabhair uirthi ach bhásaigh sí ar an láthair.