Is í Frances Fitzgerald atá ceaptha mar Thánaiste ag an Taoiseach Enda Kenny.

Fanfaidh sí mar Aire freisin sa Roinn Dlí is Cirt.

Is é Simon Harris atá ina Aire Sláinte.

Fágtar an Roinn Coimirce Sóisialaí faoi Leo Varadkar.

Fanann an tAire Michael Noonan sa Roinn Airgeadais.

Bogann Richard Bruton chuig an Roinn Oideachais agus Scileanna.

Bogann Simon Coveney chuig cúrsaí tithíochta agus rialtas áitiúil.

Tá Charlie Flanagan fágtha sa Roinn Gnóthaí Eachtracha.

Tá cúraimí Gaeltachta agus Ealaíne faoi Heather Humphries i gcónaí, ach beidh sí freagrach freisin as cúrsaí Tuaithe agus Forbairt Réigiúnach.

Caiteachas Poiblí agus athchóirithe an cúram a bheidh ar Paschal Donohue sa Rialtas nua.

Tá post ar an mbínse tosaigh ag Mary Mitchell O'Connor: Is ise an tAire Postanna.

Is é Michael Creed an tAire Talmhaíochta.

Tá postanna rialtais faighte ag triúr teachtaí neamhspleácha.

Is í Katherine Zappone an tAire Leanaí.

Is é Shane Ross atá i gceannas na Roinne Iompair.

Tá an aireacht chumarsáide fágtha faoi Denis Naughten.

Tá aireacht shóisireach faighte ag Finian McGrath, agus beidh cúraimí speisialta air do chúrsaí míchumais.

Is eisean an t-aon aire sóisireach a mbeidh cead aige freastal ar chruinnithe rialtais cé nach mbeidh aon vóta aige.

Is faoi an Taoiseach féin a bheidh cúraimí na Roinne Cosanta.

Is í Regina Doherty atá ina Príomh Aoire.

Súifidh an Dáil deireanach anocht agus tá sé i gceist aige teacht le chéile arís ar an 17ú Bealtaine.

Tá ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin agus an teachta ó Shinn Féin, Caoimhghín Ó Caoláin cáinteach nach bhfuil an Dáil ina suí an tseachtain seo chugainn.