Tá imní léirithe ag lucht carthanais go bhfuil brú a chuireann dídean ar fáil do dhaoine gan dídean i mBaile Átha Cliath le dúnadh an tseachtain seo.

Ionad éigeandála do dhaoine a bhíonn ag codladh amuigh faoin aer is ea é seo.

Brú aimsire ar Shráid Thomáis atá i gceist.

Agus tá sé beartaithe ag seachtar céimithe ó Choláiste na Tríonóide,Baile Átha Cliath €1m a bhailiú in aon lá amháin do sheirbhísí do dhaoine óga gan dídean.

Tá an galfaire Shane Lowry ar dhuine díobh siúd atá ag tacú le hiarrachtaí 'One For Ireland' a chur ina luí ar mhilliún duine €1 a thabhairt Dé hAoine do thionscadail a chuidíonn le daoine óga atá gan dídeán.

Idir an dá linn, tháinig sé chun solais inniu go bhfuil i mBaile Átha Cliath ionad do dhaoine a bhíonn ina gcodladh amuigh le druid an tseachtain seo.

Inniu freisin tháinig Coiste nua an Oireachtais ar thithíocht ag easpa dídíne le chéile inniu.