Tá breithiúnas tugtha ag coiste cróinéara i Warrington Shasana, gur marú mídhleathach ba chúis le bás 96 duine de lucht leanta Learphoill ag tionóisc Hillsborough i 1989.  Fógraíodh breith an ghiúré sa chás ar maidin i ndiaidh dóibh dhá bhliain a chaitheamh ag éisteacht le fianaise.

Maraíodh 96 duine i mbrú ollmhór do bharr ró-phlódú i Staid Hillsborough i Sheffield ar an cúigiú lá déag d'Aibreán 1989 le linn chluiche leathcheannais Chorn FA Shasana idir Learpholl agus Nottingham Forest. Lucht leanúna fhoireann Learphoill uilig a maraíodh mar gur ar a dtaobh sin den staid sacair a tharla an brú agus an tsatailt.

Sileadh deora bróin agus áthais sa chúirt i Warrington ar maidin

Bhí gaolta agus cairde iad siúd a d'éag sa chúirt inniu chun breith an choiste cróinéara a chloisteáil. Iarradh ar an ngiúré de sheisear ban agus triúr fear freagra Sea nó Ní hea a thabhairt ar cheithre cheist déag ar leith.

I measc na gcúiseanna ar rialaigh an giúré ina leith bhí gur botúin phleanála de chuid na bPóilíní ar an lá a ba chúis nó a chuir go mór leis an tubaiste.

Ní raibh aon bhaint ag iompar lucht tacaíochta Learphoill lenár tharla

Rialaigh siad chomh maith nach raibh aon bhaint ag iompar lucht tacaíochta na bhfoirne sacair lenár tharla agus gur bás mídhleathach a bhain don 96 duine a bhásaigh.

Bhain an rialú áirithe seo lena mbreith go raibh dualgas cúraim ag Ardcheannfort na bPóilíní agus ar cheannasaí slándála an chluiche, David Duckenfield, dóibh siúd a bhásaigh - cúram a sáraíodh agus gur mórfhaillí a ba chúis lena mbás. 

Maraíodh 96 duine de lucht tacaíochta Learphoill sa phlódú in Aibreán 1989

Rialaigh coiste cróinéara a reachtáileadh i 1991 gur bás trí thimpiste a bhí i gceist, ach cuireadh an bhreith úd ar neamhní i 2012. Is údar faoisimh breithiúnas an lae innu ar deireadh dóibh siúd atá ag fanacht le seacht mbliana fichid.