Tá 125 post le cruthú ar Pháirc Gnó Údarás na Gaeltachta i nGaoth Dobhair i gCo. Dhún na nGall.

An comhlacht seirbhísí margaíochta digití SLM Connect atá leis na postanna a chruthú. 

I Manchain i Sasana atá a cheanncheahrú ag SLM Connect UK.

Bunaíodh é i 2008.

Tá 130 duine fostaithe aige ansin.

Beidh SLM Éire Teo. ag díriú ar sheirbhísí idir-hnólachtaí (B2B) agus seirbhís gnó go custaiméir (B2C) a chur ar fáil trí ghníomhaíochtaí margaíochta ón láthair i nGaoth Dobhair.