Theip ar an bhfear a ciontaíodh as dúnmharú an iriseora Veronica Guerin, ina iarracht go gcuirfí a chiontú ar ceal ar phointe dlí.
Bhí Brian Meehan ag iarraidh go ndéanfaí iomrall ceartais dá chiontú.

Brian Meehan, a ciontaíodh i ndúnmharú Veronica Guerin
Dúnmharaíodh Veronica Guerin, a bhíodh ag scríobh do nuachtán an 'Sunday Independent', i Meitheamh na bliana 1996.
Ciontaíodh Brian Meehan as an dúnmharú i 1999.
Diúltaíodh dá achomharc i 2003.
Rialaigh an Chúirt Achomhairc nach bhféadfaí glacadh le hiarratas an fhir seo, 47 bliain d'aois, agus gur mhíúsáid ar an bpróiseas dlí a bhí ann.