Tuairiscítear go bhfuil bean as cathair Dhoire i measc na marbh sa chrith talún a tharla in Eacuadór arú inné.

Is í sin Clare Theresa Crockett, bean rialta a bhí ag obair i scoil i gcúige Manabi.

33 bliain d'aois a bhí sí agus ba as ceantar an Brandywell ó dhúchas í.

Tuairiscítear gur maraíodh cúigear eile freisin sa chrith bainteach leis an ord a raibh sí ann.

I measc an dreama a gortaíodh bhí comhleacaí le Clare Theresa Crockett, sin í an tSiúr Therese Ryan.

Bean 36 bliain ise as Muineachán agus bhí sí sa bhfoirgneamh céanna le Clare.

Tá Therese Ryan anois ag teacht chuici féin.

Tá a fhios anois gur maraíodh 350 duine ar a laghad sa chrith talún is measa a deirtear a tharla sa tír sin le blianta fada.

Léirscrios an chreatha in Eacuadór

Tuigtear go bhfuil roinnt daoine fós be faoin smionagar.

7.8 a thomhas an crith ar an scála richter agus bhuail sé Eacuadór tráthnóna Dé Sathairn.

Tuairiscítear suas le 2,500 duine a bheith gortaithe sa tubaiste.

Tá staid éigeandála fógraithe inniu i 6 chúige sa tír agus suas le 10,000 saighdiúir i mbun oibre fóirthinte.

Tá Uachtarán Eacuadóir, Rafael Correa le filleadh ar ais chun a thíre ón Róimh, áit a bhfuil sé ar cuairt faoi láthair.