Bhí Katie ag troid i mbabhta leathcheannais chomórtas cáilithe na hEorpa do chluichí Olimpeacha Rio in aghaidh Yana Alekseevna na hAsarbaiseáine agus is ag a céile comhraic a bhí an láimh in uachtar ó thús go deireadh na troda.

Sheas sí gob ar ghob le bean Bhré Chualainn don chéad dhá bhabhta - í á craitheadh lena luas agus le cúpla iarracht láidir a d'aimsigh an sprioc go glan.

Bhain Alekseevna an chéad bhabhta go réidh agus ainneoin gur tháinig Katie arais sa dara babhta, níor thug ach beirt don dtriúr mhaor an babhta sin di.

Bhí Katie i dtrioblóid agus bhí fhios aice é ach níor éirigh léi an aiséirí céanna a dhéanamh an geamh seo in aghaidh Alekseevna is a rinne sí i mBaku anuraidh. An gaisce déanta go paiteanta ag bean na hAisirbaiseáine. 

Beidh ar Katie babthaí leathcheannais chraobhacha an domhain a shroisint anois an mhí seo chugainn le h-áit a chinntiú ag na cluichí Olimpeacha i Rio an Samhradh seo.