Dúirt ceannaire Chigireacht an Gharda Síochána, Bob Olsen gur cheart suas le 300 garda a shaoradh ó obair chléireachais ionas go bhféadfadh siad dul amach i mbun a ndualgas póilíneachta ar na sráideanna.
Bhí sé ag labhairt ag Comhdháil Chumann Sáirsintí agus Cigirí an Gharda Síochána (AGSI) atá ar siúl i gCathair na Mart i gCo.Mhaigh Eo.
Dúirt Bob Olsen gur chuir sé tuarascáil ina leith seo faoi bhráid Choimisinéar an Gharda Síochána roinnt míonna ó shin agus nach bhfuair sé aon fhreagra go fóill.
Tráthnóna inniu dúradh ag an gComhdháil nach mbeadh tuairim ag aon gharda cén chaoi a ngabhfaí i mbun dualgais sa chás is go dtáinig an tír faoi ionsaí mór sceimhlitheoireachta.
Coimisinéir an Gharda Síochána, Nóirín O'Sullivan
D'iarr an Chomhdháil go dtabharfadh Coimisinéir an Gharda Síochána, Nóirín O'Sullivan ráiteas ar leibhéal na bagartha ó ghrúpaí ar nós ISIS agus cén traenáil atá ann don fhórsa sa gcás is go dtiocfadh an tír faoi ionsaí.
Inné rinne an Sáirsint Garda Paul Wallace, ionadaí Dhún na nGall den AGSI cur síos a dhéanamh ar na gortaithe a bhain dó nuair a rinne príosúnaigh ionsaí air.
Gortaíodh a dhroim go dona de thoradh an ionsaithe.
Chaith sé 6 mhí ag teacht chuige féin agus ag taisteal go hOtharlann an Mater i mBaile Átha Cliath.
Briseadh a ghaosán in eachtra eile le linn dó a bheith ar dualgas.
Dúirt an Sáirsint Wallace ag an chomhdháil go dtuigeann sé go bhfuil contúirtí ag baint leis an phost atá ag Gardaí.
Gardaí in éide círéibe i mBaile Átha Cliath
Dúirt sé áfach go gcaithfear a chinntiú go dtugtar an chosaint cheart daofa.
"Tá Gardaí ag obair leo féin faoi láthair rud a fhágann go bhfuil sé furasta ionsaithe a dhéanamh orthu" a dúirt sé.
"Níl sé sásúil go mbeadh Garda i mbun dualgais go haonarach sa lá atá inniu ann, agus go gcuirtear a mbeatha i mbaol", a dúirt sé.