Thug Rialtas Mheiriceá le fios go mbeadh sé níos géire feasta ar chomhlachtaí a chláraíonn a gceanncheathrú thar lear ar mhaithe le himghabháil na cánach.
D'fhéadfadh impleachtaí a bheith aige seo do chomhlachtaí ó S.A.M atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath.

Pfizer a bhfuil roinnt monarchana aige in Éirinn
Ina measc tá na comhlachtaí cógaisíochta Pfizer and Allergan.
Tagann sé seo sna sála ar scéala an lae inné maidir le sceitheadh na gcomhad ó Mossack Fonseca, comhlacht dlí ó Panama inar léiríodh daoine móra le rá ag cur airgid i bhfolach leis an gcáin chuí a sheachaint.
Tá breis eolais ag teacht chun cinn anois maidir le comhaid an chomhlachta sin.
Léiríonn cáipéisí go raibh cliantchomhlachtaí ag Mossack Fonseca sa gCóiré Thuaidh.
Bhí siad seo ar liosta státchiste na Stát Aontaithe den dream nach bhféadfaí a bheith iontaobhach astu agus a gcaithfí a bheith aireach fúthu.
Bhí baint ag roinnt comhlachtaí le clár núiclíoch na Cóiré Thuaidh.

Clár núicléach na Cóiré Thuaidh luaite sna cáipéisí
Dúirt an eagraíocht idirnáisiúnta, an OECD atá lonnaithe i bPáras nár ghlan Panama an córas cánach atá aige.
Dúirt Uachtarán Phanama, Juan Carlos Varela nach bhfuil glacadh beag ná mór ag a rialtas le gníomhaíochtaí mídhleathacha.
Spáineann cáipéisí ón gcomhlacht dlí as Panama, Mossack Fonseca, a sceith na milliún comhad,
Ina measc seo, bhí comhlachtaí a raibh baint acu le clár núicléach na Cóiré Thuaidh.
Léiríonn na cáipéisí a sceitheadh, gur bhunaigh Mossack Fonseca an comhlacht, DCB Finance i Pyongyang, príomhchathair na Cóiré Thuaidh sa mbliain 2006.
Ach a dúradh níor thug siad aon aird air seo go dtí deireadh na bliana 2010, tráth ar stop siad ag trádáil leis an gcomhlacht.
Chuir státchiste Mheiriceá píonós ar Fonseca ina dhiaidh sin faoi bheith ag bailiú airgid do rialtas na Cóiré Thuaidh.
I bhfianaise an eolais atá tagtha chun cinn tá brú ag teacht anois freisin ar rialtais eile féachaint chuige nach seachnaíonn lucht rachmais an cháin atá dlite.

Príomhaire na Breataine David Cameron, a bhfuil a athair féin fiú luaite sna comhaid
Bhí suas le 100 comhlacht rúnda cláraithe ar Oileán Bhriotánacha na Maighdean.
Dúirt dlíodóir cearta daonna mór le rá, Geoffrey Robertson go raibh dualgas ar Rialtas na Breataine anois dul i ngleic le daoine agus comhlachtaí idirnáisiúnta a chuireann airgead i bhfolach óna húdaráis.
D'iarr ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre sa mBreatain, Jeremy Corbyn, go ndéanfaí fiosrúchán neamhspleách faoi ghnóthaí cánach na ndaoine atá luaite sna cáipéisí, an Príomhaire David Cameron ina measc.