Tá dlíodóirí thar ceann theaghlach Denis Donaldson a dúnmharaíodh i gContae Dhún na nGall ag iarraidh ar na Gardaí comhoibriú go hiomlán le fiosrúchán Ombudsman na bPóilíní sa Tuaisceart.

Cothrom an lae seo 10 mbliana ó shin a dúnmharaíodh an fear.

Tá fiosrúchán ar bun faoin sceitheadh a rinneadh air go raibh sé ina spiaire ag údaráis na Breataine ar feadh scór bliain.

Thángthas ar chorp Denis Donaldson i dteach scaite ar bhealach cúil idir An Dúchoraidh agus na Gleanntaí i gCo Dhún na nGall.

Ar an seisiú lá déag de mhí na Nollag 2005 , d'fhógair Uachtarán Shinn féin Gerry Adams go raibh Donaldson ina spiaire ag M15 agus ag an PSNI le 20 bliain.

D'admhaigh Donaldson an méid seo i ráiteas go gairid ina dhiaidh sin.

B'as an Trá Ghearr i mBéal Feirste, Denis Donaldson.

An teach inar dúnmharaíodh Donaldson

Poblachtánach aitheanta agus ball gníomhach de Shinn Féin a bhí ann.

Bhí seal caite sa Cheis Fhada aige sna seachtóidí ar chúiseanna paramíleata.

Shéan an tIRA gur dhúnmharaigh siad é ach 3 bliana ina dhiaidh sin mhaigh an Fíor-IRA gurb iadsan a mharaigh é.

Tá teaghlach Denis Donaldson míshásta fán mhoill atá le fiosrúchán na nGardaí.

Chomh míshásta sin is go bhfuil siad ag diúltú dhul chuig an choiste cróinéara ina bhás - coiste a shuígh go deireannach ar an 9ú lá den Nollaig anuraidh den seachtú huair déag.

Deir na Gardaí go bhfuil siad ag díriú i dtreo áirithe ina bhfiorúchán ach deir na teaghlaigh nach dtuigeann siad cén treo atá i gceist acu.

Deir dlíodóirí an teaghlaigh go bhfuil na Gardaí ag diúltú fiosrú a dhéanamh i ról a d'fhéadfadh a bheadh ag iarbhaill nó baill reatha de phóilíní an Tuaiscirt agus M15 sa mharú.

Deir siad fosta gur dhiúltaigh na Gardaí dialann a n-athar a thabhairt ar ais don teaghlach ainneoin gur gealladh seo.

Láthair an dúnmharaithe

Tá an coiste cróinéara le theacht le chéile arís i gceann naoi lá.

"Níor cuireadh an dlí ar aon duine as Denis Donaldson a dhúnmharú, nó as an scéal a sceith gur spíodóir de chuid na Breataine a bhí ann", a dúirt  an dlíodóir Ciarán Shiels, ar son theaghlach Denis  Donaldson i ráiteas tráthnóna.

Deirtear i ráiteas gur mhaith le teaghlach Donaldson go mbeadh comhoibriú iomlán idir na Gardaí agus an PSNI agus gur chóir do na Gardaí dialann pearsanta Denis Donaldson a thabhairt ar lámh don PSNI lena scrúdú agus gan bac a chur ar an fhiosrúchán.

Níor reachtáileadh coiste cróinéara iomlán go fóill faoi bhás Donaldson mar go bhfuil fiosrúchan dúnmharaithe go fóill ar siúl ainneoin go raibh os cionn 15 éisteacht cróinéara ann go dtí seo.