Dúirt bainisteoir ionaid i gConamara go bhfuil an drochbhail atá ar chúrsaí uisce sa gceantar ag cur as go mór don ghnó atá aici féin.

Ba í Marie Nic Dhonncha, an bainisteoir atá sa gClúid i dTír an Fhia,  a rinne an ráiteas.

"Beidh brú mór ar mhná tí an cheantair" a deir sí, má chaitear a bheith ag fiuchadh an uisce sa Samhradh.

Cé gur thug Uisce Éireann le fios le gairid go raibh dul chun cinn á dhéanamh, ní mó ná sásta atá muintir an cheantair go gcaithfidh siad an t-uisce a fhiúchadh go dtí mí an Mheithimh ar a thúisce.

Agus tá obair ar bun le roinnt laethanta leis an soláthar uisce ar Oileán Ghabhla i gCo.Dhún na nGall a chóiriú.

Gearradh an píopa uisce a bhíonn ina luí  ar ghrinneall na farraige agus a  thugann uisce ón tír mór chun an oileáin 3 mhí ó shin, rud a d'fhág an t-oileán gan soláthar uisce reatha ón uair sin.

Bhí ar dhaoine a bhfuil tithe acu ar an oileán a gcuid fíoruisce féin a thabhairt leo isteach go Gabhla le leithris agus folcadáin a úsáid agus do chúrsaí cócaireachta.

Tugadh soláthar uisce reatha glan go Gabhla, atá míle ón tír mhór, don chéad uair i Lúnasa 2005.