Dúirt an eagraíocht charthanachta, Oxfam Ireland, go dtaispeáineann foilsiú 11.5 milliún comhad a bhaineann le socruithe cánach do dhaoine a bhfuil sócmhainní thar lear acu an córas lochtach cánach atá ar fud an domhain dar leis.
Dúirt Oxfam Ireland go dtaispeáineann, na comhaid, an córas lofa cánach atá ar fud na cruinne.
I ráiteas a chuir sé amach, dúirt Príomhfheidhmeannach Oxfam Ireland, Jim Clarken gur cheart do na daoine agus do na comhlachtaí is saibhre, a bheith ag íoc an líon is mó cánach.

An eagraíocht Oxfam, a ghníomhaíonn ar mhaithe le bochtáin an domhain
Dúirt údarais cánach ar fud an domhain go bhfuil fiosrúchán ar bun acu faoin eolas atá sna comhaid a foilsíodh inné.
An comhlacht dlí as Panama, Mossack Fonseca a chuir na comhaid ar fáil.
Tá sé ar cheann na comhlachtaí is mó ar domhan a chuireann seirbhísí airgeadais ar fáil agus a bhfuil saineolas faoi leith aige ar chuntas eischósta.
Gníomhaireacht idirnáisiúnta iriseoirí , nuachtán an Irish Times, ina measc, a d'fhoilsigh na sonraí seo faoina comhaid.
Dúradh sa nuachtán go bhfuil ainmneacha na gcéadta comhlacht agus duine as an tír seo a bhfuil maoin sa tír seo agus thar lear, luaite sna comhaid.
Ina measc freisin tá suas le 12 ceannaire nó iarcheannaire stáit chomh maith le 60 duine a bhfuil ceangal acu le polaiteoirí láidre dá léithid.
Tá Uachtarán na Rúise Vladimir Putin luaite sna comhaid.

Vladimir Putin
Dúirt urlabhraí dá chuid siúd gur iarracht atá ann míchlú a tharraingt ar an Uachtarán roimh an toghchán sa Rúis.
Fear eile a luadh is ea Príomhaire na hÍoslainne, Sigmundur Gunnlaugsson.
Séanann seisean go raibh sé ag iarraidh a shócmhainní a cheilt ar mhaithe le cáin a sheachaint.
Tuairiscítear san Irish Times go bhfuil ainmneacha na gcéadta comhlacht agus duine as Éirinn a bhfuil maoin anseo agus thar lear acu luaite sna comhaid.
Duine díobh is ea iar-straitéisí Fhine Gael Frank Flannery a dúirt go bhfuair sé iasacht £625stg ó Bhanc na hÉireann i Londain le teach a cheannacht.

Frank Flannery
Duine seisean go ndearna sé athmhaoiniú ar an iasacht sin agus gur íoc sé chuile phingin ar ais sa gcuntas céanna.
Dúirt sé nach raibh a fhios aige tada faoi chuntas in Oileáin Bhriontanacha na Maighdeana agus gur gnóthaí príobháideacha a bhí ann.
Séanann Mossack Fonseca go bhfuil aon ní déanta as bealach aigesan ach an oiread.
Tá sé i gceist ag údaráis sna Stáit Aontaithe, An Fhrainc, An Bhreatain agus an Astráil i measc thíortha eile géarscrúdú a dhéanamh ar a bhfuil tagtha chun solais.
Dúirt an tAire Richard Bruton go gcuirfí an dlí ar aon duine i ndlínse na tíre seo a mbeadh aon bhaint aige leis an gconspóid seo.