skip to main content

Coirpeach aitheanta Noel Duggan maraithe i gCo na Mí

Láthair an mharaithe, Ráth Tó
Láthair an mharaithe, Ráth Tó

Coirpeach aitheanta as Baile Átha Cliath a bhí san fhear a lámhachadh agus a maraíodh i gCo na Mí tráthnóna inné. Caitheadh Noel Duggan, 57 bliain d'aois, agus é ina shuí ina ghluaisteán taobh amuigh dá theach cónaithe i Ráth Tó. 

Bhí baint ag Noel Duggan le Gerry Hutch ar maraíodh a dheartháir Eddie ar 8 Feabhra mar dhíoltas, creidtear, ar mharú David Byrne in Óstán an Regency i nDroim Conrach trí lá roimhe sin. 

In 2002, chuir an Biúró um Shócmhainní Coiriúla bille €4 milliún chuig Noel Duggan agus coigistíodh foirgneamh a raibh sé ina chomhúinéir air mar chúiteamh ar chuid den bhille sin. 

Deir na Gardaí go bhfuarthas dhá ghluaisteán trí thine ar Bhóthar Thigh na Sióg go gairid i ndiaidh an mharaithe. 

Tá scrúdú iarbháis le déanamh ar chorp Noel Duggan in Ospidéal Mhuire Lourdes i nDroichead Átha níos deireanaí inniu.