Dúirt bean óg as an Spidéal atá ag obair thall sa mBruiséil go bhfuil craitheamh bainte astu ag an sléacht a tharla ansin ar maidin inné.

Bhí súil ag Amelia Ní Laoi as Baile an tSagairt a bheith ag teacht abhaile go Conamara aréir, ach níor éirigh léi de bharr go raibh an t-aerfort dúnta mar gheall ar na hionsuithe a rinne an grúpa ISIS.

Tá sí ina cónaí i bhfoisceacht cúig nóiméad den stáisiún traenach faoi thalamh ar pléascadh buama ann ar maidin inné.

Bhí rogha aici a theacht abhaile thrí Dusseldorf sa nGearmáin nó thrí Amsterdam san Ollainn, ach a bheith in ann a dhul chomh fada leis na háiteacha sin, i bhfianaise go raibh srianta go leor ar an gcóras iompair poiblí, ach shocraigh sí fanacht thall.

Dúirt sí go raibh na heitiltí is gaire de láthair lán agus dhá réir go mbeadh sé deacair a bealach a dhéanamh abhaile, agus gur dóigh go mbeidh sciob sceab ar thicéid nuair a thosóidh eitiltí ag imeacht as an mBruiséil arís.

Tá bliain go leith caite aici ag obair sa mBruiséil agus faoi láthair tá sí ina hOifigeach Feidhmiúcháin ag Ógra an EPP - Páirtí Phobal na hEorpa - agus is í atá ag rith na hoifige dhóibh.

RTÉ RnaG foinse an scéil