Tá sé fógraí ag an Seanadóir Fidelma Healy Eames NACH mbeidh sí sa tóir ar a suíochán Seanaid arís agus go bhfuil sí ag éirí as an bpolaitíocht.

Tá dhá bhliain déag caite aici ina hionadaí poiblí ina comhalta de Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus ina dhiaidh sin ina Seanadóir.  

Dúirt sí go mbeadh sí ag cur ainm Jonathan Irwin ón eagraíocht Jack and Jill chun cinn do thoghchán an tSeanaid.