Dhearbhaigh an Rialtas aréir gur chuir an Taoiseach, Enda Kenny in iúl don Uachtarán, Micheal D. Ó Higgins, go raibh sé ag éirí as oifig.

Leanfaidh Enda Kenny air áfach ina dhualgas go gceapfar Taoiseach nua.

Tiocfaidh an Dáil le chéile arís ar an 22ú Márta.

Inné níor éirigh le haon duine de na ceathrar iarrthóirí a cuireadh chun cinn do phost an Taoisigh.

B'iad sin Enda Kenny, ceannaire Fhine Gael; Micheál Martin,ceannaire Fhianna Fáil; Gerry Adams, ceannaire Shinn Féin; agus Richard Boyd Barrett, AAA-PBP.