Beidh páirt mhór ag óige na tíre i múnlú thodhchaí na hÉireann agus i gcruthú sochaí ina mbeidh gach saoránach in ann bláthú, a deir a Shoilse an tUachtarán.

Labhair Michael D. Higgins os comhair 6,000 dalta iarbhunscoile ag searmanas Bhronnadh an Bhrait Náisiúnta i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna.

hEagraíodh an searmanas mar chuid de chomóradh an Stáit ar Éirí Amach na Cásca.

Gníomh éachtach samhlaíochta a thug an tUachtarán ar imeachtaí 1916.

Faoi aos óg na linne seo anois a dúirt sé greim cheannasach a fháil agus samhail nua na hÉireann a chruthú.

Ag an searmanas bhronn na Fórsaí Cosanta brat agus cóip den Fhorógra ar ionadaí ó gach scoil dara leibhéíl sa tír.