skip to main content

Breitheamh Hardiman na Cúirte Uachtaraí básaithe

16 bliain a chaith Adrian Hardiman ar dualgas ar an gCúirt Uachtarach.
16 bliain a chaith Adrian Hardiman ar dualgas ar an gCúirt Uachtarach.

Tá an Breitheamh Adrian Hardiman tar éis bháis go tobann.

Sa mbaile ina theach cónaithe i mBaile Átha Cliath a bhí sé. 65 a bhí sé.

Cuireadh oideachas ar an mBreitheamh Hardiman i gColáiste Belvedere, i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath agus in Óstaí an Rí.

Bhí sé ina abhcóide ar feadh 26 bliain ó 1974.

Bhíodh sé le Fianna Fáil agus bhí sé ina iarrthóir toghcáin ag an bpáírtí sin.

Bhí sé ar dhuine de lucht bunaithe na Progressive Democrats.

Déanadh Breitheamh ar an gCúirt Uachtarach dhó, gan a bheith ina bhreitheamh cúirte roimhe sin, in 2000.