150 de na 158 suíochán atá líonta tar éis an olltoghcháin go dtí seo agus tá athchomhairimh agus athsheiceáil ar bun i gceithre dháilcheantar tráthnóna. 

Is iad Baile Átha Cliath Thiar Theas, Cuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh, Baile Átha Cliath Theas-Lár agus An Longfort-An Iarmhí na dáilcheantair atá i gceist. 

Athchomhairimh agus athsheiceáil i gcúig dháilcheantar

Go dtí seo, 49 suíochán atá ag Fine Gael, 43 ag Fianna Fáil, 22 ag Sinn Féin agus 20 ag lucht neamhspleách. 6 shuíochán atá ag Páirtí an Lucht Oibre. Tá ceann eile uathu le go mbeadh cearta iomlána cainte acu sa chéad Dáil eile.

5 shuíochán atá ag Pobal Roimh Bhrabús-Comhghuaillíocht Frithdhéine, 3 cinn ag na Daonlathaigh Shóisialacha agus dhá cheann ag Comhaontas Glas. Ní raibh aon Teachta ag Comhaontas Glas sa Dáil dheiridh.